Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €9,072 ceadaithe aige do Choiste Halla na Paróiste i gCill Charthaigh, Co Dhún na nGall chun cur ar a gcumas trealamh cistine agus ranga a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é seo don obair atá ar bun ag Coiste Halla na Paróiste i gCill Charthaigh i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge, an chultúir agus na hoidhreachta araon,” a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.
“Tá an áis seo taitneamhach do phobal an cheantair, go háirithe mar áis foghlamtha i leith na gcúrsaí a reachtaíonn an Coláiste Gaeilge,” a dúirt an tAire.
- Fri, 18 Oct 2024
- (+353) 07491 25000
- (+353) 086 60 25000