Cinneadh an Rialtais maidir le hainm Roinn nua an Aire Humphreys agus Coistí Rialtais

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., roimh chinneadh an Rialtais inniu go mbeidh an Ghaeltacht luaite in ainm a Roinne.  Is é an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ainm nua na Roinne, rud a thugann an t-aitheantas cuí don teanga agus don Ghaeltacht.
“Is rud é seo a bhí á éileamh ag pobal na Gaeilge le roinnt seachtainí anuas,” a dúirt an tAire Stáit McHugh, “agus táim thar a bheith sásta go raibh mé in ann toradh maith a sholáthar tar éis chruinniú an lae inniu.”
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit chomh maith roimh chinneadh tábhachtach eile a rinneadh inniu, go mbeadh ceist na Gaeilge á plé ag dhá Choiste Rialtais as seo amach, an ceann a bheidh ag déileáil le Polasaí Sóisialta agus Seirbhísí Poiblí (le cúrsaí Oideachais, Leanaí, Comhionannais, Cuimsithe Shóisialta, Dlí agus Cirt agus na hEalaíona san áireamh) agus an ceann eile a bheidh ag déileáil leis an Gheilleagar, Fostaíocht, an Bhreatimeacht agus an Plean Gníomhaíochta Forbartha Tuaithe.
“Is léir ón chinneadh seo,” a dúirt an tAire Stáit McHugh, “go dtuigeann an Rialtas seo an tionchar láidir atá ag an Ghaeilge ar gheilleagar na Gaeltachta agus ag an am céanna go bhfuil sé soiléir go mbeidh an Rialtas ag cur níos mó béime ar sholáthar sheirbhísí poiblí do chainteoirí Gaeilge ina dteanga fhéin.  Déanfaidh an cinneadh seo cur i bhfeidhm mhórbhearta pholasaí an Rialtais maidir leis an teanga – an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 – a éascú.  Is tríd an bheartas athchóirithe seo atá i gceist agam an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh nuair a thagann sé go dtí seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán, seirbhísí oideachais agus cúrsaí eacnamaíochta.”

Advertisement
Advertisement
Advertisement
Advertisement