Tá Colm Feiritéar, láithreoir an chláir Ruaille Buaille ar Highland Radio ainmnithe mar ambasadóir Seachtain na Gaeilge Co. Dhún na nGall 2025. Seolfar an fhéile chultúrtha agus teanga ag ócáid ar an Chlochán Liath Dé hAoine seo chugainn. is é an Comhairleoir Contae John Sheamais Ó Fearraigh a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge ag Ionad Teampaill Chróine ag 7.30in. Imeacht saor in aisce atá ann le tae agus sóláistí agus siamsaíocht den scoth beartaithe don cheiliúradh.
Tá clár cuimsithe curtha le chéile ag foireann Leabharlainne Phoiblí Dhún na nGall, le himeachtaí faoi léith foirsteannach d’achan aois ghrúpa agus cumas labhartha Gaeilge don tréimhse 1ú – 17ú Márta.
‘Is onóir mhór é a bheith ceaptha mar ambasadóir Seachtain na Gaeilge,’ a dúirt Colm faoin a ról úr, ‘go háirithe mar gheall ar an fhás agus forbáirt atá tar éis teacht ar an teanga sa chontae seo le tamall anuas.’